Naomh Breandán na hÉireann ╰⊰¸¸.•* Irish

Συντονιστές: Anastasios68, Νίκος, johnge

Α.Γ.
Δημοσιεύσεις: 824
Εγγραφή: Παρ Φεβ 12, 2016 11:46 pm

Naomh Breandán na hÉireann ╰⊰¸¸.•* Irish

Δημοσίευσηαπό Α.Γ. » Τρί Μαρ 15, 2016 12:32 pm

Ireland of my heart

Εικόνα

Εικόνα

Naomh Breandán na hÉireann

Εικόνα

Naomh Breandán as Cluain Fearta (c.484-c.578) nó An Loingseoir mar a bhí aithne air, is duine é de naoimh luath-mhainistreacha na hÉireann a bhfuil a chuid scéalta tar éis áit na staire a thógáil. Tá cáil air mar gheall ar an iomramh go Tír na nAoibhneas. Is é an 16 Bealtaine a fhéile.

Luathshaol

Rugadh Breandán i 484 gar don Fhianait i gContae Chiarraí i iardheisceart na hÉireann. Ciarraíght Luachra a tugadh ar an gceantar sna seanlaethanta. Baisteadh Naomh Erc i dTiobraid in aice le hArd Fhearta. Ar feadh cúig bliana chuir Naomh Íde léann air agus chríochnaigh sé a chuid léinn faoi stiúir Naomh Erc. Oirníodh é mar shagart i 512. Idir 512 agus 530 thóg sé cillín mainistreach i Seanchill ag bun Chnoc Bhréanainn. Ba ón áit seo a d’fhág sé ar an iomramh clúiteach a mhair seacht mbliana. Ar na seanfhéilirí Éireannacha tá féile i gcomhair “Egressio familiae S. Brendani” ar an 22 Márta.

Iomramh finscéalach

Tá cáil air mar gheall ar an iomramh finscéalach go Tír na nAoibhneas a raibh cur síos déanta air sa naoú haois sa lámhscríbhinn Iomramh de Naomh Breandán an Loingseoir. Tá a lán leaganacha den scéal seo faoin gcaoi a ndeachaigh sé féin agus seasca oilithreach ar thóir Tír na nAoibhneas. Má tharla sé seo, tharla sé thart ar 530, sular dtaistil sé go dtí an Bhreatain. Ar an iomramh seo tá sé ráite go bhfaca sé oileáin bheannaithe agus brat fásra air. Tháinig sé ar ollphéist mara, eachtra a roinn sé le duine de lucht a chomhaimsire, Naomh Colm Cille. An scéal is coitianta as an gcur síos seo ná nuair a shíl siad go raibh siad tar éis teacht i dtír ar oileán ach ní oileán a bhí ann ach ollphéist mór mara, Jasconius. Faigheann siad amach é seo nuair a lasann siad tine chun an Cháisc a cheiliúradh agus dúisíonn Jasconius.

Comhthéacs

Ar ndóigh tá an-phlé déanta thar na blianta faoi cé acu an bhféadfadh Naomh Breandán Meiriceá a baint amach i gcurach nó nach bhféadfadh agus chomh maith leis sin cé acu eisean an chéad duine ón Eoraip a bhain Meiriceá amach.

Bhraith Criostóir Colambas ar na scéal a d’inis Naomh Breandán le cruthú go raibh tú in ann taisteal go dtían Áise trasna an Atlantaigh.

I 1976 tóg an taiscéalaí Éireannach Tim Severin curach déanta as leathar daimh agus seol sé thar dhá shamhradh go dtí Talamh an Éisc trí Inse Ghall, Na Scigirí agus an Íoslainn le “taispeáint go raibh tú in ann tabhairt faoi iomramh mar seo ag úsáid an chineáil seo curaí”. Ar an iomramh chonaic Tim Severin a lán rudaí, cnoic oighir agus míolta móra ina measc. Léiríonn na tagairtí a bhí déanta de na radhairc seo i scríbhinní Naomh Breandán gur sheol sé sa cheantar céanna inar sheol Severin.

Nuair a scaip an scéal faoin iomramh, thosaigh oilithrigh agus daltaí ag teacht go hArd Fhearta le teagasc agus treoir a fháil ó Naomh Breandán. Dá bharr seo, bhunaigh pobail mainistreacha nua in áiteanna mar Ghallarais, Chill Maoilchéadar, Chnoc Bréanainn agus na Blascaoid.

Aistear breise

Níos deireanaí thaistil sé go dtí an Bhreatain Bheag agus Oileán Í, an t-oileán naofa ar chósta thiar na hAlban. D’fhág sé a rian ar Albain chomh maith, go háirithe in Óban, áit a bhfuil Cill Bréanainn. Tar éis dó teacht ar ais go hÉirinn, bhunaigh sé mainistir i Eanach Dhúin i gContae na Gaillimhe. Thug eaglais na hÉireann aitheantas dó mar naomh agus tá a fhéile ar an 16 Bealtaine.

Bhunaigh sé mainistir ag Inis dhá Dhroim i bparóiste Chill an Dísirt i gContae an Chláir thart ar an mbliain 550. Chomh maith leis sin, bhunaigh sé mainistir in Inis Mhic Uí Chuinn, Contae na Gaillimhe agus in Inis Gluaire,Contae Mhaigh Eo.

Ar ndóigh an mhainistir is cáiliúla a raibh baint aige léi ná Cluain Fearta, a bhunaigh sé i 557, áit ar cheap sé Naomh Moinenn, a nia, mar phrióir agus mar phríomhoide. Tá Naomh Breandán curtha i gCluain Fearta.

SOURCE:

PROXY ODDONION



Επιστροφή στο

Μέλη σε σύνδεση

Μέλη σε αυτή την Δ. Συζήτηση: 6 και 0 επισκέπτες

cron